Ciorcal Comhrá 20.01.12

Seo cuid den bplé a bhí sa Chiorcal Comhrá le Toose ar an 20.01.12.

Comhardú

(Lá oibre a bheadh ag dul chuig dhuine ar obair a dheineadar duitse. “Payback” sa Bhéarla.)

An comhar a dhíol thar nais

“Dhíolas an comhardú”

 

An púnáiste

(Lá a thabharfa in aghaidh cíosa chuig an tiarna talún).

Chomhlíonas an púnáiste

 

Fadaradhnach nó fachastrach

Bhí sé fadaradhnach (Bhí sé ana fhoighneach)

“Nach fada an faighstrach an téada ata agat don mbó”.

 

“Scéal mada an ocht gcos”

Scéal fadálach, ró-fhada

 

Clipthe

“Táim clipthe agat” (Táim bodarálta agat)

An chéad Cara nua do 2012!

Fáiltimid roimh Ionad Fiaclóireachta Shráid Denní. Is iad ár gcéad Cara do 2012!  

Seo thios a nasc má theastíonn uait aire a thabhairt do do chuid fiacla: http://www.dennystdentalsurgery.ie/ Tá leagan Gaolainne don suíomh ar fáil leis.

Seo nasc go dtian siopa ceoil The Dingle Record Shop le héisteach leis an seisiún is déanaí ó Mark agus Phillip Crickard. Ó Thuaidh!

Fáilte roimh Bhernie Ní Mhuircheartaigh

Cuirimid fáilte mhór roimh Bernie Ní Mhuircheartaigh atá anois ag obair linn ag Corca Dhuibhne Ag Caint fé scéim Jobbridge. Fáilte romhat a Bhernie!

Ciomeád suas linn ar Facebook chomh maith! http://www.facebook.com/profile.php?id=100001640585103

Comhlucht na Míosa Lúnasa 2011 – Siopa Ceoil an Daingin

Michael agus Cáitríona taobh amuigh do Siopa Ceoil an Daingin

Osclaíodh Siopa Ceoil an Daingin – Dingle Music Shop mí na nollag 2005. Tá an siopa lonnaithe ar thaobh príomh sráid an Daingin díreach trasna na sráide ó Óstán Benners.

Siopa beag bídeach is ea é agus atá deas cluthar. Nuair a théann duine isteach sa spás beag seo, Siopa Ceoil an Daingin, cloistear ceol binn agus cuirtear fáilte deas cineálta romhat ag Micheál, fear an tí, agus ag Caitriona atá ag cabhrú leis.

Siopa Ceoil an Daingin opened in Decenber 2005, you will fiind it on the Main Street, Dingle across the road from Benner’s Hotel.

Owned by local musician Michael Herlihy and run full-time by both himself and Caitriona Nolan. The memory of a visit to Siopa Ceoil an Daingin in Dingle, Co. Kerry will leave a lingering warmth with all who step into its welcoming door.

Seastán sa Daingean 31/07/2011

Beidh seastán againn in Ionad na bPoll sa Daingean ar an Domhnach seo, 31 Iúil ó  2-5 i.n. Tar chughainn chun breis eolais a fháil ar Corca Dhuibhne ag Caint. Beidh t-léinte ar díol ar shladmhargadh! Scaip an scéal!

We will have a stand in Dingle this Sunday, 31 July, from 2-5 p.m. in the spot beside O’Keeffe’s Chemists. Come to us for more information about Corca Dhuibhne ag Caint. Tshirts will be on sale at a competitive price! Spread the word!

 

Comhlucht na Míosa – Iúil 2011 Siopa na bhFiodóirí

Lisbeth Mulcahy

Siopa na bhFíodóirí

Lisbeth Mulcahy, who is originally from Denmark, has been living in Chorca Dhuibhne, The Dingle Peninsula, with her Irish husband Louis since 1975. This is also the year she started weaving under the tutelage of American weaver Joanne Hayes.

Following an intensive course in Sweden in weaving and textile theory in 1980, she developed her business to the point where she opened her present workshop and shop in the Centre of Dingle town in 1986. Today Lisbeth Mulcahy is one of Ireland’s best known designer/weavers and tapestry artists.

Is as an Danmhairg ó dhúchas Lisbeth Mulcahy a tháinig go hÉire I 1965. D’aistrigh sí lena clann go Clochar, Baile an Fhirtéaraigh i 1975 agus do thosnaigh sí ag foghlaim an Gaeilge. Tá Gaeilge líofa aici anois agus usáidtear Gaeilge sa t-siopa agus sa ceardlaínn an cuid is mó do’n am. Tá sí ag formhór an fhoireann agus tá síad lán sásta deileáil leis an pobail trí Ghaeilge.

Oifig Chorca Dhuibhne ag Caint.

Bád

Báid i gcé an Daingean.

Beidh Oifig Chorca Dhuibhne ag Caint oscailte ó Luain go hAoine idir a 9am agus a 1.00in.
Corca Dhuibhne ag Caint, Office opened from Monday to Friday between 9am and 1.00pm.

Coiméad an Daingean Difriúil

Cara Aonair Chorca Dhuibhne ag Caint

‘Coiméad an Daingean difriúil’
Is é seo an teachtaireacht a bhí ag Micheál Ó Muircheartaigh do lucht gnó an Daingin agus do phobal na háite nuair a sheol sé Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint in Óstán Benner’s aréir. ‘Tá rud ar leith ag an nDaingean’ a dúirt Micheál, ‘tá seans iontach ag muintir an bhaile an baile a chur chun cinn mar bhaile dáthangach’. Tá an Daingean ar an mbaile Gaeltachta is mó sa tír. Ba chóir dúinn ‘a bheith bródúil as rudaí dúchasacha agus an bhfuil aon níl aon níos dúchasaí ná an Ghaeilge’ a dúirt Micheál.

Is tionscadal é Corca Dhuibhne ag Caint atá ag cur na teangan chun cinn i measc lucht ghnó an Daingin agus a gcustaiméirí. Sheol Micheál Feachtas Cairde an tionscadail. Is féidir le Cara Aonair clárú ar €10, Cara Gnó clárú ar €20 agus Cara Corparáideach clárú ar €100.

Is é an teachtaireacht a bhí ag Roibéard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí ná ‘caithfidh daoine seirbhísí a éileamh’. Tá leithéidí na Comhairle sásta seirbhís a sholáthar do phobal na Gaeilge. Labhair roinnt daoine sa lucht éisteachta maidir lena thábhachtaí is atá sé an teanga, an Ghaeilge, a labhairt. Mhol Eithne Ní Chatháin as Cill Dara ó dhúchas ach atá ina cónaí sa Daingean anois, an tionscadal, agus cé go bhfuil tús maith curtha leis tá mórán fós le déanamh dar léi.
Ghabh Tadhg Ó Coileáin, Cathaoirleach Choiste Chorca Dhuibhne ag Caint buíochas le Micheál as a fhocla molta agus spreagtha.
Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Údarás na Gaeltachta agsu Cumann Tráthchtála an Daingin taobh thiar den dtionsnamh seo.

***
This is the message Micheál Ó Muircheartaigh shared with the Dingle business community in Benner’s Hotel Dingle as he launched Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint. ‘Dingle has something special, something unique’, Micheál said, ‘the people of the town have a great opportunity to promote the town as a bilingual town’. Dingle is the biggest Gaeltacht town in the country. We should ‘be proud of our heritage and is there anything more indigenous than the Irish language’ Micheál said.

Corca Dhuibhne ag Caint is a project and its main aim is the promotion of Irish amongst the business community and their customers in Dingle. Micheál launched Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint, the projects latest campaign to create language choice awareness. One can register as a Cara Aonair (Individual) for €10, Cara Gnó (Business friend) for €20 or Cara Corparáideach (Corporate Friend) for €100.
Eithne Ní Chatháin from Kildare but who has moved to Dingle, also praised the work of the initiative and while there is still a lot to be done a good start has been made.

Barr 50 2010

http://www.insideireland.ie/index.cfm/section/news/ext/barr50gnolegaeilge001/category/1095

Comhghairdeas le hOllmhargadh an tSíthigh, Sráid an Doirín, An Daingean, ar a bronnadh Gradam Barr 50 2010. Bronnadh an Gradam seo ar an Ollmhargadh de bharr a fheabhas is atá sé i mbun úsáide na Gaelainne ina ghnó. Gradam é seo de chuid Fhoras na Gaelainne agus Grúpa Meán Bhéal Feirste.

Breis eolais: féach Nuacht/Imeachtaí

Lean

Get every new post delivered to your Inbox.