Is é seo an teachtaireacht a bhí ag Micheál Ó Muircheartaigh do lucht gnó an Daingin agus do phobal na háite nuair a sheol sé Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint in Óstán Benner’s aréir. ‘Tá rud ar leith ag an nDaingean’ a dúirt Micheál, ‘tá seans iontach ag muintir an bhaile an baile a chur chun cinn mar bhaile dáthangach’. Tá an Daingean ar an mbaile Gaeltachta is mó sa tír. Ba chóir dúinn ‘a bheith bródúil as rudaí dúchasacha agus an bhfuil aon níl aon níos dúchasaí ná an Ghaeilge’ a dúirt Micheál.
Is tionscadal é Corca Dhuibhne ag Caint atá ag cur na teangan chun cinn i measc lucht ghnó an Daingin agus a gcustaiméirí. Sheol Micheál Feachtas Cairde an tionscadail. Is féidir le Cara Aonair clárú ar €10, Cara Gnó clárú ar €20 agus Cara Corparáideach clárú ar €100.
Is é an teachtaireacht a bhí ag Roibéard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí ná ‘caithfidh daoine seirbhísí a éileamh’. Tá leithéidí na Comhairle sásta seirbhís a sholáthar do phobal na Gaeilge. Labhair roinnt daoine sa lucht éisteachta maidir lena thábhachtaí is atá sé an teanga, an Ghaeilge, a labhairt. Mhol Eithne Ní Chatháin as Cill Dara ó dhúchas ach atá ina cónaí sa Daingean anois, an tionscadal, agus cé go bhfuil tús maith curtha leis tá mórán fós le déanamh dar léi.
Ghabh Tadhg Ó Coileáin, Cathaoirleach Choiste Chorca Dhuibhne ag Caint buíochas le Micheál as a fhocla molta agus spreagtha.
Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Údarás na Gaeltachta agsu Cumann Tráthchtála an Daingin taobh thiar den dtionsnamh seo.
***
This is the message Micheál Ó Muircheartaigh shared with the Dingle business community in Benner’s Hotel Dingle as he launched Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint. ‘Dingle has something special, something unique’, Micheál said, ‘the people of the town have a great opportunity to promote the town as a bilingual town’. Dingle is the biggest Gaeltacht town in the country. We should ‘be proud of our heritage and is there anything more indigenous than the Irish language’ Micheál said.
Corca Dhuibhne ag Caint is a project and its main aim is the promotion of Irish amongst the business community and their customers in Dingle. Micheál launched Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint, the projects latest campaign to create language choice awareness. One can register as a Cara Aonair (Individual) for €10, Cara Gnó (Business friend) for €20 or Cara Corparáideach (Corporate Friend) for €100.
Eithne Ní Chatháin from Kildare but who has moved to Dingle, also praised the work of the initiative and while there is still a lot to be done a good start has been made.
Comhdaithe faoi: Gan rang



