Tógra is ea Corca Dhuibhne ag Caint le húsáid na Gaolainne a chur chun cinn i measc gnólachtaí an Daingin. Is í ár bhfealsúnacht ná teanga agus cultúr na dúichí a neartú trí thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí rogha teanga a chur ar fáil dá gcustaiméirí. Tugtar spreagadh agus síorthacaíocht do chomhlachtaí ionas gur féidir linn aiseolas leanúnach a fháil faoi cad atá á éileamh acu agus ag an bpobal.
Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil agus cuirtear giuirléidí éagsúla ar fáil le cur in iúl don chustaiméir go bhfuil rogha teanga aige/aici. Chomh maith leis seo cuirtear oiliúint ar lucht gnó i dtaobh na feasachta teanga agus faoi conas freastal ar riachtanais an chustaiméara, bídís líofa nó ina bhfoghlaimeoirí.
Ina theannta sin, tá réimse gníomhachtaí teanga á fhorbairt dírithe ar spriocghrúpaí éagsúla – an cainteoir líofa Gaolainne, an turasóir cultúrtha, an dalta scoile agus srl. Díreofar ar na riachtanais a bhaineann le gach grúpa le féachaint conas iompar teanga a athrú.
Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag tacú leis an dtógra. Cuireadh tús leis an dtógra i mí Bealtaine 2009 agus tá roinnt mhaith gnólacht cláraithe linn ó shoin, gnólachtaí atá sásta freastal ortsa – an custaiméir – i do rogha teanga! Bain triall as an Ghaolainn a úsáid!
Corca Dhuibhne ag Caint is a project aimed at promoting the use of Irish in business in Dingle. Údarás na Gaeltachta in association with Oidhreacht Chorca Dhuibhne support the project. The project was launched in May 2009. There are a number of businesses participating, who are willing to serve you in the language of your choice!



Triall ar seo. Táim ag obair le CDAC agus tá mo chuid Gaoilinne ag feabhasú……ach nílim ach AG FOGHLAIM.
Go hiontach