Ceardlann Facebook
Beidh Ceardlann eile faoi conas do ghnó a chur chun cinn trí Facebook ag Údarás na Gaeltachta ar an 30ú lá de Bhealtaine. Téir i dteagmhail le Susan Ní Churnáin sa Údarás 066 9150100.
Siúlóid na Cille á sheoladh ag Míchéal Ó Muircheartaigh
Beidh an Leabhrán nua ar Shiúlóid na Cille á sheoladh ag Míchéal Ó Muircheartaigh ag ionad an Bhlascaoid ag 3.00 i.n. an Céadaoin beag seo, 23 Bealtaine.
Ansin déanfaimid uair a chloig den siúlóid (chomh fada le Scoil Ryan’s Daughter agus thar nais uas go dtí Quarry Charlie). Beidh caife nó tae ar fáil san Ionad ina dhiaidh sin.
Bígí ann!
Oíche Chultúrtha i Leabharlann sa Daingean
Déardaoin 8 Márta
@ 7.30in
Scéalaíocht Filíocht agus Ceol
Tomás Ó Lúing
Bríd Ní Mhóráin
Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh &
Bréanainn Ó Beaglaoich,
Saor in aisce, fáilte roimis cách!
_______________________________________________
Ceoltóirí an Daingin!
Ócaid Eolais le Music Network
Dé hAoine, 9 Márta 1.00i.n
in Oifigí an Údaráis
Eolas: e.depaor@udaras.ie
_______________________________________________
Éinne sa Daingean deireadh seachtaine Lá le Pádraig agus gur suim leo cúpla amhrán. Beidh seisiún amhranaíochta le Tim Dennehy ar siúl Dé Satharn in Óstán Cheann Sibéal 9in agus i dTigh Bhric Dé Domhnaigh 9in.
_______________________________________________
Fillíocht, Gaolainn agus Ealaín!
Cúrsa deireadh seachtaine
24 & 25ú Márta
i dTigh Áine ar an nGráig.
eolas@cfcd.ie nó 066 9156100
________________________________________________
“Coiméad an Daingean Difriúil“
‘Coiméad an Daingean difriúil’
Is é seo an teachtaireacht a bhí ag Micheál Ó Muircheartaigh do lucht gnó an Daingin agus do phobal na háite nuair a sheol sé Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint in Óstán Benner’s aréir. ‘Tá rud ar leith ag an nDaingean’ a dúirt Micheál, ‘tá seans iontach ag muintir an bhaile an baile a chur chun cinn mar bhaile dáthangach’. Tá an Daingean ar an mbaile Gaeltachta is mó sa tír. Ba chóir dúinn ‘a bheith bródúil as rudaí dúchasacha agus an bhfuil aon níl aon níos dúchasaí ná an Ghaeilge’ a dúirt Micheál.
Is tionscadal é Corca Dhuibhne ag Caint atá ag cur na teangan chun cinn i measc lucht ghnó an Daingin agus a gcustaiméirí. Sheol Micheál Feachtas Cairde an tionscadail. Is féidir le Cara Aonair clárú ar €10, Cara Gnó clárú ar €20 agus Cara Corparáideach clárú ar €100.
Is é an teachtaireacht a bhí ag Roibéard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí ná ‘caithfidh daoine seirbhísí a éileamh’. Tá leithéidí na Comhairle sásta seirbhís a sholáthar do phobal na Gaeilge. Labhair roinnt daoine sa lucht éisteachta maidir lena thábhachtaí is atá sé an teanga, an Ghaeilge, a labhairt. Mhol Eithne Ní Chatháin as Cill Dara ó dhúchas ach atá ina cónaí sa Daingean anois, an tionscadal, agus cé go bhfuil tús maith curtha leis tá mórán fós le déanamh dar léi.
Ghabh Tadhg Ó Coileáin, Cathaoirleach Choiste Chorca Dhuibhne ag Caint buíochas le Micheál as a fhocla molta agus spreagtha.
Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Údarás na Gaeltachta agsu Cumann Tráthchtála an Daingin taobh thiar den dtionsnamh seo.
***
This is the message Micheál Ó Muircheartaigh shared with the Dingle business community in Benner’s Hotel Dingle as he launched Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint. ‘Dingle has something special, something unique’, Micheál said, ‘the people of the town have a great opportunity to promote the town as a bilingual town’. Dingle is the biggest Gaeltacht town in the country. We should ‘be proud of our heritage and is there anything more indigenous than the Irish language’ Micheál said.
Corca Dhuibhne ag Caint is a project and its main aim is the promotion of Irish amongst the business community and their customers in Dingle. Micheál launched Cairde Chorca Dhuibhne ag Caint, the projects latest campaign to create language choice awareness. One can register as a Cara Aonair (Individual) for €10, Cara Gnó (Business friend) for €20 or Cara Corparáideach (Corporate Friend) for €100.
Eithne Ní Chatháin from Kildare but who has moved to Dingle, also praised the work of the initiative and while there is still a lot to be done a good start has been made.
Gradam Barr 50 2010 bronnta ar Ollmhargadh an tSíthigh, An Daingean, Co. Chiarraí.
Bunaíodh an gnó tuairim is 150 bliain ó shin i gCorca Dhuibhne.
Ollmhargadh atá ann anois agus é fós ag freastal ar mhuintir na háite agus ar chuairteoirí go dtí an ceantar. Tá sé tábhachtach ag an ollmhargadh gach iarracht a dhéanamh atmaisféar taitneamhach siopadóireachta a chothú dá chustaiméirí. Cainteoirí dúchasacha Gaeilge , is maith leo a bheith ábalta gnáthrudaí an lae, cosúil le siopadóireacht, a dhéanamh tré Ghaeilge. Ansan, tá custaiméirí ná fuil an Ghaeilge ar a adtoil acu, ach is maith leo iarracht a dhéanamh, an cúpla focal a labhairt, agus tá siad siúd ná fuil aon fhocal acu ach is breá leo í a chloisint agus go minic, imíonn siad le frása nó focal nó dhó.
Chun freastal air seo agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn, baineann Ollmhargadh an tSíthigh úsáid as an nGaeilge ina fhógraíocht agus ar chomharthaí lasmuigh agus laistigh san ollmhargadh.
Úsáideann an fhoireann a gcuid Gaeilge, leis, gach duine ag déanamh a iarracht féin. Caitheann an fhoireann suaitheantais a mheabhraíonn don gcustaiméir an caighdeán Gaeilge atá acu.
Ollmhargadh an tSíghigh was founded around 150 years ago. It was a small shop to begin with and catered primarily, as it still does today, for the people of the town and districk of Corca Dhuibhne.
The small shop has now developed into a supermarket that serves the people of the area and visitors to our town.
It is very important for the supermarket to endeavour to provide an attractive shopping atmosphere for its customers.
Native Irish speakers like to do everyday things, like shopping, in their own language.
Then there are customers who are not fluent but who like to try out their ‘cúpla focal’ as well as those who have no Irish but who might leave with a few phrases or a few new words.
To cater for these people and to advance the language, the Ollmhargadh uses Irish on its signage, both instore and out, as well as in its advertisements.
The staff use their Irish whenever possible so that everybody is making an effort for the language. Ollmhargadh an tSíthigh is associated with ‘Corca Dhuibhne ag Caint’, a group that is working to encourage spoken Irish.
The staff wear badges to inform the customers of the level of Irish they have.
The Ollmhargadh believes that these little things help with the advancement of the Irish language, and as a business, believes that the use of Irish adds greatly to the atmosphere and the spirit of the supermarket.
Duais Ghlór na nGael 2009
Bhuaidh Corca Dhuibhne ag Caint An Dara háit i Leibhéal 3 An Ghaeltacht i gcomórtas Ghlór na nGael 2009. Ghlac Aileen Ní Shé, Ollmhargadh Uí Shíthigh agus Joan Nic Uidhir, CompuCara, le duais Ghlór na nGael thar cheann Chorca Dhuibhne ag Caint, ag ócáid i mBéal Feirste ar an Satharn 20 Márta 2010.
‘Táimid ana-shásta gur éirigh linn duais a bhuachaint i gcomórtas Ghlór na nGael’, arsa Micheál Ó hIarlaithe, Cathaoirleach. ‘Nílimid ach ar an bhfód ó mhí na Bealtaine anuraidh. Tá mórán déanta agus mórán fós le déanamh ar ndóigh!’.
Is togra é Corca Dhuibhne ag Caint a cuireadh ar bun chun an Ghaelainn a neartú agus a bhuanú i measc lucht gnó an Daingin agus a gcustaiméirí. Tá tacaíocht ag an togra ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Údarás na Gaeltachta, Cumann Tráchtála an Daingin agus FÁS. Tá tuairim is 30 gnólacht cláraithe leis an dtogra ag an bpointe seo agus táthar ag súil go gcuirfear leis seo sna míonna romhainn. ‘Nuair a chíonn daoine fógra ag tabhairt cuireadh dóibh an Ghaelainn a labhairt, tugann sé misneach dóibh,’ dar le hAileen Ní Shé, Ollmhargadh Uí Shíthigh. ‘Táim féin ag obair ag an gcuntar bia agus bíonn ana-chuileachta agam le daoine atá ag baint triail as an mbeagán Gaelainn atá acu, nó iad súd go bhfuil sí ar a dtoil acu. Tá an náire a bhaineann le labhairt na teanga go poiblí imithe!’.
Tá Coiste Chorca Dhuibhne ag Caint fíor buíoch do Ghlór na nGael as an t-aitheantas seo a bheith bainte amach ag an dtogra agus táthar ag súil leanúint ar aghaidh leis an dea-obair sna blianta amach romhainn.



